Pleanáil

Diúscairt Talún agus Maoine

Bainistíocht Mhaoine

Is féidir talamh nó réadmhaoine nach dteastaíonn ón gcomhairle níos mó a dhíol, trí léas a mhalartú.

An bhfuil suim agat tailte nó réadmhaoin na comhairle a cheannach?

Má tá suim agat tailte nó réadmhaoin na comhairle a cheannach tabhair na rudaí seo a leanas ar aird:

  • Ní mór gach iarratas a dhéanamh i scríbhinn
  • Bíodh léarscáil suímh san áireamh ina sainaithnítear an talamh/réadmhaoin
  • Tabhair imlíne de na tograí beartaithe le haghaidh na talún/réadmhaoine
  • Seiceáiltear iarratais i gcomhair úinéireacht na comhairle, admhaítear i scríbhinn iad, agus ansin scaiptear iad ar rannóga eile i gcomhair a n-ionchuir. Tabharfar fógra duit i scríbhinn maidir leis an toradh. Má mheastar go bhfuil an diúscairt inmharthana seoltar na sonraí chuig luachálaí na comhairle chun meastachán a thabhairt faoi. Tairgtear réadmhaoin go foirmiúil i scríbhinn agus ní mór glacadh leis ar an mbealach céanna.
  • Ní mór go dtabharfadh comhaltaí tofa na comhairle cead ag a gcruinniú míosúil le haghaidh gach togra chun talamh nó réadmhaoin na comhairle a dhiúscairt. Nuair a cheadaítear an diúscairt tugtar teagasc d’aturnae na comhairle.