Uisce agus Draenáil

Deontas Tobair agus faoin Deontas chun Píobán Luaidhe a Athchur.

Tá breis eolais thíos faoin Deontas Tobair agus faoin Deontas chun Píobán Luaidhe a Athchur.

Deontas chun Píobán Luaidhe a Athchur - Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile

Tá deontas Rialtais ar fáil a chlúdaíonn 100% de chostais faoi bhun €5,000 le píobáin uisce óil atá déanta as luaidhe a athsholáthar laistigh de theorainneacha do thalún

Má tá píopaí luaidhe i do theach agus más gá an phluiméireacht a athrú, nó má rinneadh tástáil ar cháilíocht an uisce le déanaí a thaispeánann go bhfuil leibhéil arda luaidhe i do sholáthar uisce, seans go bhfuil tú i dteideal Deontas chun Píobán Luaidhe a Athchur.

Chun fáil amach an bhfuil do theaghlach cáilithe chun an deontais a fháil, léigh

Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile Bileog Eolais 

na  Ceisteanna coitianta agus na Téarmaí and Coinníollacha

Ansin, má chomhlíonann tú na critéir, priontáil amach agus líon isteach an Foirm éilimh – Scéim Deontais um Fheabhsúchán Luaidhe 

agus cuir ar ais í chuig an Rannóg Seirbhísí Uisce, Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638.

Má tá ceisteanna agat maidir le d’iarratas, téigh i dteagmháil linn, le do thoil. Tá sonraí teagmhála le fáil ag bun an leathanaigh seo.

Deontais Thobair

Má tá tobar príobháideach agat a bhfuil oibreacha de dhíth air, seans go bhfuil tú i dteideal cur isteach ar dheontas tobair.

Déanann Co Co Fhine Gall an costas faofa a ríomh agus is meastachán é den chostas réasúnta a bheadh ar an obair.

Cinntear leibhéal an deontais de réir an chineáil oibre feabhsúcháin atá á dhéanamh agus ní sháróidh sé na méideanna seo a leanas:

a) 85% de na costais cheadaithe le haghaidh oibreacha athshlánaithe, faoi réir uasmhéid de € 3,000;

85% de na costais cheadaithe as tobar nua a sholáthar, faoi réir uasmhéid de € 5,000 (i gcás ina n-aontaíonn an t-údarás tithíochta gurb é seo an réiteach is iomchuí);

b) 100% de na costais cheadaithe le haghaidh oibreacha atá, dar leis an údarás tithíochta, riachtanach chun an t-uisce a chóireáil chun na caighdeáin cháilíochta uisce a shonraítear sna Rialacháin a chomhlíonadh, faoi réir uasdheontas de € 1,000.  Samplaí de chóireálacha den sórt sin is ea scagachán nó cóireáil Ultra Violet.

Níl an deontas ar fáil le haghaidh oibreacha feabhsúcháin a chosnaíonn níos lú ná € 750, san iomlán.

Déan an Deontais Tobair Foirm Iarratais le téarmaí agus Coinníollacha , a léámh, a phriontáil amach, a líonadh isteach agus a sheoladh chuig ár Rannóg Seirbhísí Uisce. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo. 

Comhairle Contae Fhine Gall   

Rannóg na Seirbhísí Uisce,                        

Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15
D15 W638

Guthán : (01) 8905000