Oidhreacht agus Caomhnú

Ciste Na hOidhreachta Ailtreachta “Stitch In Time Grant”

Oidhreacht agus Caomhnú

An Leibhéal Maoinithe: Íosmhéid €100 - Uasmhéid €2,500

Tá ciste ag Comhairle Contae Fhine Gall as a bhuiséad féin le haghaidh mionoibreacha deisiúcháin/cothabhála nó athchóiriú gnéithe ar Dhéanmhais Chosanta agus foirgnimh stairiúla a mbaineann fiúntas leo i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta.  Is le haghaidh oibreacha a chosnaíonn níos lú ná €5,000 an scéim seo.  Féach ar an mbileog thíos le haghaidh faisnéise maidir leis na cineálacha oibreacha a chlúdaítear faoin scéim seo agus tá an Fhoirm Iarratais ar fáil le híoslódáil

Foirm Iarratais Chiste na hOidhreachta Ailtireachta 2022

DÁTA DEIRIDH: Iarrtar go gcuirtear iarratais isteach faoi 5pm ar an Aoine an 28 Eanáir  2022.Ach fanfaidh an scéim oscailte d’iarratais go dtí go gcaithfear an buiséad iomlán agus mar sin déan seiceáil leis an Oifigeach Caomhnaithe an bhfuil airgead fós ar fáil. Tosófar ag eisiúint ceaduithe ón 01 Feabhra ar aghaidh. Ba cheart foirmeacha iarratais mar aon le hábhar forlíontach ábhartha a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected]   i bhformáid Word nó pdf.  Níor chóir go mbeadh méid an ríomhphoist mar aon le gach ceangaltán níos mó ná 15MB.