Titiocht

Deisiúcháin agus Cothabháil Tithíochta

Cothabháil tithíochta

Déanfaidh an Rannóg Cothabhála deisiúcháin ar do theach. Leagann an Lámhleabhar Tionónta amach na deisiúcháin a bhfuil an Chomhairle freagrach astu agus cad iad na deisiúcháin a bhfuil tusa, an tionónta, freagrach astu.

Tá liosta iomlán de na deisiúcháin a dhéanann an Chomhairle dá dtionóntaí tugtha i do Tenant Handbook  agus cad iad na deisiúcháin nach mór duit cúram a dhéanamh dóibh tú féin.

  • Fadhb leictreach leis an fiúschlár
  • Soicéid spréachta
  • Tíleanna scaoilte ar an díon
  • Píopa pléasctha san áiléar/1ú urlár
  • Sceití ó fholcadán/doirteal/cith i gcás nach séalaí briste is cúis leis an sceitheadh
  • Fadhb le humar uisce
  • Córas teasa as ord – ar an gcoinníoll go bhfuil tú ag íoc an mhuirir cothabhála ar do chuntas cíosa
  • Gloine bhriste, cuma conas ar tharla sé
  • Scoilteanna plástair
  • Na hurláir
  • Adhmadóireacht – urláir/doirse/cláir sciorta
  • Deisiúcháin ar aonaid chistine/vardrúis
  • Glais & murláin doirse – inmheánach/seachtrach
  • Laistí/teanntáin/sriantáin fuinneoige
  • Maisiú inmheánach
  • Fálta agus ballaí teorann gairdín
  • Geataí tosaigh/taoibh
  • Gáitéir a ghlanadh
  • Bolgáin solais/lasca a athsholáthair
  • Aerbhac i bpíopaí a ghlanadh
  • Gach sconna a dheisiú/athsholáthair
  • Babhla leithris nó sistéal a dheisiú/athsholáthair
  • Fearais chócaireachta nó théimh a shuiteáil tú a dheisiú
  • Aon damáiste a rinne tusa nó do chuairteoirí
  • Séalú thart ar an bhfolcadán agus an tráidire cithfholcadáin
  • Cothabháil do ghairdín – tosaigh & cúil
  • Glanadh Simléir

Glaoigh ar an Rannóg Cothabhála ar Teileafón: 01 890 5588 le linn uaireanta oibre

Uimhir éigeandála d’uaireanta lasmuigh d’uaireanta oibre (01) 890 5000.

Is le haghaidh éigeandálaí amháin an uimhir éigeandála – sa chás go bhfuil do bheatha nó do theach i gcontúirt láithreach. Ná húsáid an uimhir seo chun gearáin faoi ghnáthchothabháil a logáil le do thoil mar d’fhéadfá a bheith faoi dhliteanas do mhuirear glao-amach do ghlaonna neamhéigeandála.

Nuair a dhéanann tú glaoch faoi ghearán cothabhála tógfaidh ár bhfoireann oibre sonraí na faidhbe, do sheoladh, d’uimhir theileafóin agus cuirfear ceist cathain a bhíonn tú sa bhaile chun rochtain a thabhairt chun an deisiúchán a dhéanamh. Ní dhéanaimid coinní chun deisiúcháin a dhéanamh.

Tá 4 chatagóir ag an gComhairle do ghearáin chothabhála:

1)     Éigeandáil
Fadhbanna i gcás go bhfuil beatha duine i mbaol.
Tógann na gearáin seo 1-3 lá oibre le cur i gcrích.

2)     Práinneach
Fadhbanna a d’fhéadfadh damáiste tromchúiseach a dhéanamh don teach.
Tógann na gearáin seo 10 lá oibre le cur i gcrích.

3)     Gnáthamh
Fadhbanna a dteastaíonn aird uathu ach nach gcothaíonn contúirt láithreach do bheatha/maoin.
Caithfidh na fadhbanna seo fanacht nó go ndéileálfar le fadhbanna éigeandála agus práinneacha agus is féidir leo suas go 12 seachtaine a thógáil lena gcur i gcrích. Bí foighneach le do thoil agus déanfaimid na deisiúcháin chomh luath agus is féidir linn.

4)     Timthriallach
Péinteáil sheachtrach ar do theach agus aon obair shiúinéireachta a theastaíonn.
Tá sceideal againn chun na hoibreacha seachtracha seo a chur i gcrích ar ár teaghaisí go léir in uainíocht. Scríobhfaimid chugat roimh ré chun tú a chur ar an eolas cathain a dhéanfar an obair seo.

Má fhaigheann tú boladh gáis múch do theas le do thoil agus glaoigh ar do sholáthraí gáis. Ní féidir leis an gComhairle déileáil le sceitheadh gáis faoi chúinsí ar bith.

Ní dhéanfaidh an Chomhairle deisiúcháin ar do chóras teasa ach amháin má tá tú ag íoc an mhuirir cothabhála ar do chuntas cíosa. Tá seirbhís coire san áireamh sa muirear seo. Scríobhfaidh an Chomhairle chugat chun tú a chur ar an eolas cathain ar chóir duit do sheirbhís a fháil agus cén uimhir ba chóir duit glaoch a chur uirthi chun coinne a dhéanamh. Mura bhfuil tú ag íoc an mhuirir seo caithfidh tú do chuid deisiúcháin féin a shocrú agus caithfidh tú seirbhís bhliantúil a fháil agus cóip de do theastas seirbhíse a sheoladh chuig an Rannóg Cothabhála gach bliain.

Má tá méadar gáis réamhíoctha agat agus nach bhfuil tú cinnte conas é a úsáid, cuir glaoch orainn agus is féidir linn roinnt eolais a sheoladh chugat. Cuimhnigh go gcaithfidh tú creidmheas a choinneáil sa méadar nó ní bheidh do theas ag obair.

Leideanna Tábhachtacha Sábháilteachta do Choirí

  • Ná déan deisiúcháin riamh tú féin
  • Ná coinnigh ábhair inlasta in aice an choire
  • Ná stóráil aon rud sa chaibinéad coire
  • Má shocraíonn tú do theirmeastat ar theocht ard cosnóidh sé níos mó airgid ort do theach a théamh. Is féidir leat airgead a shábháil ach an teas a chasadh síos cúpla céim.

 

 

    Má tá soicéid spréachta nó sreanga nochta agat, tabhair tuairisc dúinn faoi láithreach le do thoil.

    Ní féidir leat méadar Réamhíoctha a fháil suiteáilte gan cead na Comhairle a fháil. Caithfidh tú glaoch a chur orainn sula gceadaíonn tú aon obair a dhéanamh.

    Ní féidir leat aon athruithe a chur ar do teach gan cead na Comhairle a fháil. Caithfidh tú scríobh chuig an Rannóg Bainistíochta Eastát ag leagan amach do chuid pleananna sula ndéanfar aon obair. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar do chuid pleananna agus iniúchadh ar do theach féachaint an bhfuil sé sábháilte duit leanúint ar aghaidh. D’fhéadfadh sé go mbeadh ort teastas a sholáthar ó ailtire/innealtóir cáilithe go gcomhlíonann an obair Rialacháin Foirgníochta. Ná déan aon obair nó go mbeidh cead scríofa faighte agat ón gComhairle.

    Ní theastaíonn cead uait chun do theach a mhaisiú ná chun gnáthdheisiúcháin a dhéanamh.

    Níor chóir duit na gaothairí i do theach a bhlocáil – tá siad ríthábhachtach chun an aershreabh tríd an teach a choinneáil. Tarlaíonn comhdhlúthú nuair a dhéanann aer tais te teagmháil le dromchlaí fuara agus is féidir le caonach a bheith mar thoradh air seo. Ba chóir duit uisce gallúnaí te nó gallúnach siúcra a chur ar an gcaonach lena chóireáil. Ní bheimid ag déanamh na ndeisiúchán seo duit.

    Níl do sheomra folctha uisce-obach. Níor chóir duit buicéid uisce a úsáid sa seomra folctha mar go dtarlóidh sceitheadh dá bharr agus déanfar damáiste tromchúiseach don teach. Má dhéanann tú an cineál seo damáiste do do theach d’fhéadfadh an Chomhairle tú a dhéanamh freagrach as an gcostas deisiúcháin. Má tá tú ag suiteáil cithfholctha bí cinnte é a shuiteáil amach ón bhfuinneog sa seomra folctha agus tíleáil na ballaí go dtí os cionn airde cinn chun na ballaí a chosaint. Is tusa atá freagrach as an séalú sileacain thart ar d’fholcadán/tráidire cithfholctha agus ba chóir duit é chothabháil de réir mar is gá.

    Ní féidir leat bealadh, clúidíní ná ciarsúir naíonán a chaitheamh síos i do dhraenacha mar go n-eascraíonn blocáil dá bharr. Má blocálann tú do dhraenacha ar an mbealach seo, is fút féin a bheidh sé an bhlocáil a bhaint as na draenacha agus iad a ghlanadh.

    Sábhálann aláraim dheataigh beatha daoine. Ba chóir duit d’aláram deataigh a thástáil uair sa mhí ar a laghad tríd an gcnaipe tástála a bhrú. Má tá d’aláram deataigh ag obair le cadhnraí ba chóir duit na cadhnraí a athrú mar is gá. Déanfaidh an t-aláram torann chun tú a chur ar an eolas nach mórán cumhachta atá fanta sna cadhnraí agus gur gá iad a athrú.

    Eolas Cabhrach

    ESB Meter Cabinet
    Fuseboard

    Is leis seo (thuas) is cosúil fiúschlár. Má chailleann tú cumhacht seiceáil an fiúschlár féachaint an bhfuil fiús tar éis tuisliú. Má tá is féidir leat é a bhrú suas arís agus é a lasadh agus tiocfaidh do chumhacht ar ais.

    Sink
    Water Cyclinder
    smoke alarm

    Déan Teagmháil Linn

    An Rannóg Bainistíochta Eastát
    Teileafón: (01) 890 5588
    Ríomhphost:  [email protected]

    Chun Cead a Iarraidh mo theaghais a athrú

    Ríomhphost:  [email protected]
    I scríbhinn: 
    An Rannóg Bainistíochta Eastát, 
    An Rannóg Tithíochta,
    Bóthar an Gharráin,
    Baile Bhlainséir,
    Baile Átha Cliath15

    Eolas a Iarraidh
    Teileafón: 01 890 5588
    Ríomhphost:  [email protected]

    Tenant Handbook