Pleanáil

Déan Iarratas ar Chead Pleanála

Bainistíocht Forbartha

Bainistíocht Forbartha

Ní mór d'aon duine ar mian leis talamh nó maoin a fhorbairt iarratas ar chead pleanála a dhéanamh chuig an gcomhairle  mura bhfuil an fhorbairt díolmhaithe. Teastaíonn cead pleanála chun maoin a thógáil nó a scartáil nó chun an úsáid den talamh nó den mhaoin a athrú go suntasach.

D’fhonn iarratas bailí a dhéanamh ní mór duit na doiciméid seo a leanas a chur isteach:
Seicliosta maidir le hIarratas Pleanála Bailí a Dhéanamh

  • Foirm iarratais chomhlánaithe. Foirm Iarratais Phleanála 
  • An táille cheart. Bíonn difear sna táillí ag brath ar an gcineál forbartha atá beartaithe. Íoslódáil na Táillí maidir le hIarratais Phleanála
  • Cóip den fhógra láithreáin poiblí. Cuirtear an fógra láithreáin ar an láithreán ar feadh cúig seachtaine ón dáta a bhfaightear an t-iarratas pleanála. Ní mór duit ceann nua a chur ina áit má dhéantar damáiste dó nó má bhaintear é toisc go bhféadfaí d’iarratas a dhéanamh neamhbhailí dá bharr. Ba chóir é a chur san áit a bhfuil an láithreán ag síneadh leis an mbóthar poiblí agus ba chóir go mbeadh sé le feiceáil go soiléir ag an bpobal. Íoslódáil Sampla de Fhógra Láithreáin  agus Treoirlínte maidir le Fógra Láithreáin a chur i gcrích
  • Léarscáil de shuíomh an láithreáin (6 chóip). Ba chóir gur léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis a bheadh anseo, atá scálaithe go dtí nach lú ná 1:1000 (limistéir uirbigh) agus 1:2500 (limistéir thuaithe).  Ní mór cuntas a thabhairt ar iarratas an láithreáin i ndath dearg, ar úinéireacht bhreise i ndath gorm, ar chead slí i ndath buí.
  • Plean Leagan Amach an Láithreáin (Bloc-Phlean/Plean Láithreáin) (6 chóip) Níor cheart don scála a bheith níos lú ná 1:500 (nó scála eile má comhaontaíodh é roimhe sin).  Marcáil iarratas an láithreáin i ndath dearg, taispeáin na gnéithe ábhartha go léir, fad ó theorainneacha, suíomh an fhógra/na bhfógraí láithreáin, leibhéil/comhairde nuair is cuí.
  • Cóip den fhógra bunaidh sa nuachtán sa Liosta de Nuachtáin Cheadaithe Ní mór duit an t-iarratas a chur isteach laistigh de choicís ón dáta a bhfoilseofar an nuachtán. Ní mór go mbeidís seo a leanas san fhógra Nuachtáin:
  1. Ceannteideal – an t-údarás pleanála agus ainm an iarratasóra leis.
  2. An cineál iarratais i.e. cineál ceada
  3. Suíomh, baile fearainn nó seoladh poist na talún nó an struchtúir
  4. Cur síos gairid ar an bhforbairt
  5. Cuir isteach foclaíocht mar seo “Féadfar imscrúdú a dhéanamh ar an Iarratas Pleanála nó é a cheannach ar tháille nach mór ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh in Oifigí an Údaráis Pleanála i rith a chuid uaireanta oscailte poiblí agus féadfar aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt don Údarás Pleanála i scríbhinn ach an táille fhorordaithe a íoc laistigh den tréimhse cúig seachtaine ag tosú ar an dáta a bhfaigheann an t-údarás an t-iarratas."

 

Tá coinníollacha sonracha ag gabháil le roinnt tithe faoin tuath a bhaineann le tithíocht áitiúil. B’fhéidir go gcaithfeá freisin Foirm Iarratais Forlíontach ar Chead Pleanála i gcomhair Áit Chónaithe i gCeantar Tuaithe   a sheoladh isteach

Planning Permission Process

We will send your planning decision letter by registered post, usually 8 weeks from the date the application is received.  If we ask for additional information on your application, you have up to 6 months from the date of the additional information request to send the response.

You, or any objectors have the right to appeal the decision to An Bord Pleanála within 4 weeks.  If we grant permission and no appeal is made against the Council’s decision during the 4 weeks, we will then issue the final grant of planning permission.  It should be noted that to allow for possible delays in An Bord Pleanála notifying the Council that an appeal has been lodged, it is Council policy to issue final grants of permission on a weekly basis 5 to 6 weeks after notification of decision to grant permission was made. As the final grant is an important document, therefore, you are advised to store it safely.

Forbairt Dhíolmhaithe

Forbairt Dhíolmhaithe

Is ionann Forbairt Dhíolmhaithe agus forbairt nach dteastaíonn cead pleanála uait lena haghaidh.

De ghnáth, áirítear léi forbairtí beaga cosúil leo seo:

  • Síneadh le foirgneamh, scioból, garáiste, ballaí teorann, etc., a thógáil laistigh de chúirtealáiste tí chónaithe faoi réir coinníollacha agus teorainneacha (féach thíos)
  • I gcás Déanmhas Cosanta agus/nó déanmhas i limistéar Caomhantas Ailtireachta féadfar forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh d’oibreacha nach ndéanann difear do shainghnéithe déanmhas áirithe nó do chodanna sonracha de dhéanmhais áirithe nó do shainghnéithe sonracha laistigh d’fhearann comhghafach déanmhas áirithe. Mar sin féin ba cheart duit iarratas a chur chuig an Údarás Áitiúil chun Dearbhú i scríbhinn a fháil maidir leis na cineálacha oibreacha a mheasann sé a dhéanfadh nó nach ndéanfadh difear do shainghnéithe an déanmhais nó d’aon ghné den déanmhas.
  • Roinnt athruithe ar úsáid, cé is moite de dhéanmhas atá faoi chosaint. 

Tá na sonraí iomlána maidir le forálacha d’fhorbairt dhíolmhaithe lena n-áirítear coinníollacha agus teorainneacha le fáil i Sceideal 2, Cuid 1 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, I.R. 600 de 2001 atá ar fáil ar www.irishstatutebook.ie.

Exempt development is development for which Planning Permission is not required.

It generally relates to developments of a minor nature such as:-

  • Works of improvement, maintenance or other alterations that affect only the interior of a structure
  • Works that do not materially affect the external appearance of a structure
  • Building of an extension, shed, garage, boundary walls, etc. within the curtilage of a house subject to conditions and limitations
  • Certain changes of use of commercial premises

In the case of a Protected Structure and/or structures in an Architectural Conservation area: 

  • It is important to note that most exemptions do not apply to structures that are included on the Council's Register of Protected Structures or that are situated in an architectural conservation area.
  • However, works may be exempted development if they do not affect: a) the character of particular structures, b) or specific parts of particular structures c) or specific features within the attendant grounds of particular structures .
  • However you should apply to the Local Authority for a written Declaration as to the type of works which it considers would or would not materially affect the character of the structure or of any element of the structure.

Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil díolúine ag d’fhorbairt. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad uainne, ar a dtugtar Deimhniú maidir le Díolúine, ina ndeimhnítear an gcaithfidh tú cur isteach ar chead pleanála. Is féidir é sin a dhéanamh ach an fhoirm thíos a líonadh isteach agus í a sheoladh chugainn in éineacht leis an liosta doiciméad agus an táille.

 

For further details, please take a look at the Doing Work Around the House Leaflet and the Exempted Development Leaflet.

Agricultural and Farm development leaflet

Planning for the Business Person leaflet

Tá na sonraí iomlána maidir le forálacha d’fhorbairt dhíolmhaithe lena n-áirítear coinníollacha agus teorainneacha le fáil i Sceideal 2, Cuid 1 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, I.R. 600 de 2001 atá ar fáil ar www.irishstatutebook.ie.

 

Déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála

Ríomhphost:           [email protected]

Fón: (01) 8905541 (Sord)            (01) 8708431 (Baile Bhlainséir)

Tabhair cuairt ar ár gcuntar poiblí:

Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine: 9.30am go 4.30pm

Tabhair cuairt ar ár gcuntar pleanála:

Na hOifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15
Uaireanta Oscailte: Luan go Déardaoin 9.30am go 4.30pm, Aoine 9.30 am to 4.00 pm

Uaireanta oscailte Oifige Airgid: Luan go hAoine: 9.30am go 3.30pm

An seoladh poist le haghaidh iarratais phleanála: (de réir ceantair)

Limistéar Thuaidh Chontae Fhine Gall:
An Rannóg Pleanála
Comhairle Contae Fhine Gall
Halla an Chontae
Sord
Co. Bhaile Átha Cliath 

BÁC15 agus na ceantair máguaird, agus gach ceantar siar ón N2:

An Rannóg Pleanála
Comhairle Contae Fhine Gall
Na hOifigí Cathartha
Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15