Pobal agus Spóirt

Cumainn Áitritheoirí

Ar mhaith leat grúpa áitritheoirí nua a bhunú? 

  • Is ƒéidir linn oiliúint a sholáthar i Scileanna Coiste.
  • Is féidir linn cabhrú le do ghrúpa cláracha gnímh a fhorbairt.
  • Is féidir linn eolas ar mhaoiniú a sholáthar.
  • Is féidir linn cruinniú a eagrú dod’chumann áitritheoirí le hOifigigh ón gComhairle agus Ionadaithe Poiblí chun saincheisteanna i do cheantar a phlé.
  • Is féidir linn cuidiú le do ghrúpa chun taighde áitiúil a chur ar bun.

 

 Tá Lámhleabhar Áitritheoirí cruthaithe againn a d’fhéadfadh cabhrú le do ghrúpa chun tuiscint shoiléir a fhorbairt ar a ról agus a bhfreagras agus iad ag glacadh leis an gcúram ionadaíocht a dhéanamh thar ceann eastáit agus ag obair i dtreo a timpeallacht mhaireachtála. 

 Chun cóip a íoslódáil den lámhleabhar seo, lean an nasc seo leanas le do thoil:-

Lámhleabhar Chumann na nÁitritheoirí

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Forbartha Pobail. 

Fón: 01 8905080 nó Ríomhphost:  [email protected]