Pleanáil

Ceathrú Chultúrtha Shoird

Swords Cultural Quarter 3

Is é Ceathrú Chultúrtha Shoird an coincheap dearaidh uirbigh de chuid Roinn Ailtireachta Fhine Gall don cheathrú cultúr nua. Cuireadh de chúram ar an bhfoireann Cheathrú Chultúrtha Shoird spás poiblí a chruthú a dhéanfaidh nasc idir Caisleán Shoird agus foirgneamh do lárionad cathrach atá molta, rud a thabharfaidh beocht nua don ionad. Is éard atá i gceist leis an tionscadal uaillmhianach ná Leabharlann Contae nua agus ionad Ealaíon nua a chruthú don phobal áitiúil.