Bóithre agus Taisteal

Ceadúnas Oscailte Bóithre

Ceadúnais agus Ceadanna Bóithre

Teastaíonn Ceadúnas Oscailt Bóthair uait chun an bóthar poiblí, an cosán nó an t-imeall féir a oscailt do:

  • Naisc Uisce/Séarachais
  • Cosáin a ísliú
  • Atógáil cosáin
  • Leagan píobán 7rl.

Déantar iarratas anois ar gach ceadúnas oscailt bóthair trí chóras ar líne RMO (Oifig Bainistíochta Bóthair) MRL (Ceadúnú MapRoad) a úsáideann Údaráis Áitiúla ar fud na tíre. Gineann an córas seo na táillí mar fhreagairt ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil san iarratas.  

 

Ansin déanann ár n-innealtóirí an t-iarratas a iniúchadh agus na coinníollacha a leagan síos agus déantar é a dheonú tar éis don iarrthóir an íocaíocht a dhéanamh ach amháin i gcás aon saincheisteanna leis an iarratas. Foilseofar an ceadúnas, an sonrasc agus aon admhálacha nó doiciméid eile ar an gcóras ar líne.

 

Soláthraíonn an RMO clárúchán agus tacaíocht d’úsáideoirí an chórais MRL.

 

Tá an fhaisnéis agus an tacaíocht seo a leanas ar fáil ar láithreán gréasáin an RMO  (www.rmo.ie/road-licensing.html):

 

  • Nasc chuig an gcóras MRL
  • Nasc chuig an leathanach clárúcháin d’úsáideoirí nua
  • Sonraí teagmhála tacaíochta
  • Sraith treoracha úsáideoirí do ghnáthnósanna imeachta MRL
  • Rochtain ar na Treoracha athbhreithnithe maidir le hOscailtí a Bhainistiú ar Bhóithre Poiblí, arna n-eisiúint ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt in Aibreán 2017.

 

Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]  má tá aon cheist agat faoi chlárúchán.