Leabharlanna

Cartlann

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do sheirbhíse cartlainne atá saor, inrochtana, furasta le húsáid agus gairmiúil a chur ar fáil dá saoránaigh.

Cad a bhíonn ar siúl againn?

Cuirimid áiseanna taighde ar fáil i gCartlann agus Léann Áitiúil Fhine Gall, 46 An tSráid Thuaidh, Sord d’aon duine a chuireann spéis i stair an rialtais áitiúil i gContae Bhaile Átha Cliath, nó i stair an teaghlaigh, sa stair shóisialta nó sa stair áitiúil.

Cé a úsáideann an tseirbhís?

I measc na ndaoine a dhéanann teagmháil linn maidir le heolas atá sa Chartlann, áirítear taighdeoirí (idir ghairmiúil agus amaitéarach), grúpaí agus daoine aonair. Cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar an bhfón, sa phost nó ar ríomhphost. Tá na sonraí teagmhála le fáil ag bun an leathanaigh seo.

Cad atá againn?

Tá taifid agus cartlanna, idir phríobháideach agus phoiblí, le fáil sa Chartlann.

I measc na dTaifead Poiblí, áirítear taifid Chomhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, agus comhlachtaí áitiúla eile amhail: Miontuairiscí na Comhairle; Clár na dToghthóirí; Comhaid, Léarscáileanna agus Líníochtaí Roinne.

I measc na dTaifead Príobháideach, áirítear bailiúcháin atá faighte ag an gCartlann nó ar tugadh iad don Chartlann, mar shampla:

Bailiúchán Hely-Hutchinson; Páipéir Eastát Fhine Gall; Páipéir Eastát Hamilton, Barúin Bhaile an Aba; Taifid Ghraí Chlochráin; páipéir a bhaineann le Cath Chill Dhéagláin i 1916 agus Bridgid Connolly; Cartlann Mhuileann Shackleton; Miontuairiscí Chumann Feirmeoireachta Fhine Gall; agus roinnt bailiúcháin bheaga.

Cúrsaí Reatha 
Muintir Hely Hutchinson ó Shord agus an Cogadh Mór – Taispeántas

Daoine a bhfuil spéis acu sa stair áitiúil ag baint taitnimh as an taispeántas

 

Map

Conas is féidir féachaint ar ábhar sa Chartlann?

Ó Dé Luain, an 20  Deireadh Fómhair, ní mór do thaighdeoirí agus do chuairteoirí eile ar Chartlann agus Léann Áitiúil Fhine Gall, 46 An tSráid Thuaidh, Sord, coinne a dhéanamh roimh ré.

Bíodh is go mbeidh an seomra léitheoireachta ar oscailt mar is gnáth, is gá coinne a eagrú roimh do chuairt trí ghlaoch ar 01-8704496 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig   [email protected]

Luan go hAoine: 10.00am-1.00pm agus 2.00pm-5.00pm

Satharn: Dúnta 

First Meeting

Naisc

Tá liosta daoine as Fine Gall a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda curtha le chéile ó fhoinsí éagsúla ag ár gcartlannaí.  Is i dTeach Chluain Meala atá an bunachar sonraí sin, agus is féidir féachaint air ansin. Cé nach maítear gur liosta críochnúil atá ann, d’fhéadfaí go mbeadh sé úsáideach do thaighdeoirí a chuireann spéis san ábhar seo.

Tá cur síos ar Bhailiúchán Hely-Hutchinson le fáil ar Thairseach Acmhainn Chartlainne na hÉireann

Leathanach Cuardaigh Acmhainn Chartlainne na hÉireann

Rinneadh miontuairiscí Chomhairle Baile/Choimisinéirí Bhaile Brigín a dhigitiú do chomóradh 150 bliain an chomhlachta rialtais áitiúil sin i bhFine Gall. Is féidir sna miontuairiscí a chuardach ar líne ag:

www.digisearch.ie

Fingal Local Studies

Fingal Local Studies and Archives has a wide range of sources available to facilitate family research.

All researchers – beginners or experienced – are welcome to visit our reading room and have a chat with staff.

Just telephone 01-8704495/96 or e-mail [email protected]   / [email protected] " rel="nofollow"> [email protected] to make an appointment to visit our reading room in Clonmel House, Forster Way, Swords.  

 

We house the following 
 

  • Findmypast and Ancestry.com (Free access on Library PCs)
  • Thom’s Directories (1840s to present date)
  • Registers of Electors, Dublin County 1945-1994
  • Scans of the burial records for 33 burial grounds in Fingal 1935-2005 (some earlier), with maps.
  • Rural District Council Labourers Cottages Ledgers, containing details on the first tenants in many of these early public housing schemes 1909-1930.
  • Dublin County Rates Books 1914-1915, 1919-1920, 1921-1930
  • Local Newspaper Drogheda Independent (Fingal Independent)
  • Database of Fingal World War 1 Dead.
  • Database of Fingal Volunteers 1916.

Déan teagmháil linn

Tá an chuid is mó de na cartlanna ar fáil ar an láthair, ach coinnítear roinnt taifead lasmuigh den láthair, moltar glao gutháin réamh-chuairte i gcónaí.

Sa phost:  Cartlann agus Léann Áitiúil Fhine Gall, 46 An tSráid Thuaidh, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
Ríomhphost: [email protected]
Fón:  (01) 8704495/8704486