Pleanáil

Bainistiú Ainmniúcháin agus Uimhrithe Tithíochta

Bainistíocht Forbartha

Is féidir le comhairlí comhairle a thabhairt do chónaitheoirí agus d’fhorbróirí maidir le ceanglais maidir le heastáit tithíochta a ainmniú agus a uimhriú agus na tograí deiridh a cheadú.

Ba chóir go léireodh scéimeanna cónaithe ilchineálacha agus scéimeanna ilchineálacha stair, béaloideas agus/nó logainmneacha na háite nuair atá siad á n-ainmniú de réir Chuspóirí CH53 agus DMS38 Phlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023 . 

Is féidir ainmneacha a úsáid a dhéanann tagairt d'fhoirgnimh nó do struchtúir stairiúla, do leachtanna nó do ghnéithe seandálaíochta, don tírdhreach áitiúil, nó a bhfuil baint acu le daoine tábhachtacha sa stair áitiúil nó le gnás nó le himeacht suntasach sa stair áitiúil. Beidh cumainn stairiúla áitiúla nó leabharlanna Fhine Ghall in ann comhairle a thabhairt. Speagtar, ach go háirithe, úsáid a bhaint as bailte fearainn agus ainmneacha paróistí stairiúla agus reatha sa timpeallacht uirbeach agus tuaithe agus iad a chur chun cinn. 

Ba chóir go mbeadh ainmneacha i nGaeilge agus i mBéarla, nó i nGaeilge amháin. Spreagtar úsáid a bhaint as ainmneacha i nGaeilge amháin. Tá soiléiriú maidir le hainmneacha Gaeilge le fáil ar www.logainm.ie.

Ba chóir dúbláil ar ainmneacha atá i bhFine Gall agus i gceantracha i dtuaisceart na Cathrach atá faoi choimirce Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cheana a sheachaint. Is ar mhaithe le húinéirí, áititheoirí, cuairteoirí, soláthróirí seirbhíse agus áirgiúlachta agus le soláthar mearsheirbhíse éigeandála a iarrtar sin.

Ba chóir ainm amháin a roghnú do gach sráid/bloc árasáin mar is cuí.