Pleanáil

Aighneacht Fógra Tosach Feidhme Oibreacha Foirgníochta 

 Rialú Tógála

Tabhair le fios, le do thoil, de réir na Rialachán um Rialú Foirgníochta (Leasú) (A.I. 9) de 2014, go bhfuil nósanna imeachta nua maidir le Fógraí Tosaithe i bhfeidhm ón 1 Márta 2014.

D’fhéadfadh go mbeadh gá le doiciméid bhreise a chur isteach leis an bhFógra Tosaithe comhlánaithe; agus ba chóir é seo a chomhlánú ar líne ar an CBRF Náisiúnta (Córas Bainistíochta um Rialú Foirgníochta).

De réir na Rialachán um Rialú Foirgníochta tá dualgas ort Fógra Tosaithe Foirm Iarratais Fógra 7 Lá a chur isteach mar aon le Dearbhú Reachtúil 7 Lá roimh thús na forbartha.

Ní mór Fógra Tosaithe a bheith faighte ag an Údarás Rialaithe Foirgníochta tráth nach lú ná 14 lá agus nach mó ná 28 lá sular mian leat tosú. 

Tá Fógra Tosaithe ábhartha i ngach cás, ach amháin nuair a bhíonn Teastas Sábháilteachta ó Dhóiteán ag teastáil agus nár deonaíodh ceann fós. Sa chás seo is í Fógra 7 Lá an fhoirm cheart le húsáid.

chur isteach agat.

Ceanglais chun Fógraí Tosaithe a Chríochnú 

Tá Fógraí Tosaithe ag teastáil le haghaidh na nithe seo a leanas:

  • Foirgneamh a thógáil
  • Athrú ábhartha ar fhoirgneamh
  • Síneadh ar fhoirgneamh
  • Athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh
  • Oibreacha a bhaineann leis an athrú ábhartha (seachas mionoibreacha) ar shiopa, oifig nó foirgneamh tionscail nuair nach bhfuil Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán ag teastáil

 Níl Fógra Tosaithe ag teastáil le haghaidh:

  • Oibreacha nó athrú úsáide nach bhfuil cead pleanála nó Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán ag teastáil ina leith   

Tabhair le fios, le do thoil, de réir na Rialachán um Rialú Foirgníochta (Leasú) (A.I. 9) de 2014, go bhfuil nósanna imeachta nua maidir le Fógraí Tosaithe i bhfeidhm ón 1 Márta 2014.

Beidh gá le doiciméid bhreise a chur isteach leis an bhFógra Tosaithe comhlánaithe le haghaidh;

(a) áitreabh nua a dhearadh agus a thógáil,
(b) síneadh ar áitreabh lena ngabhann achar urláir iomlán níos mó ná 40 méadar cearnach,
(c) oibreacha lena mbaineann Cuid III A.I. Uimh. 496 de 1997 arna leasú-.

agus ba chóir iad a chomhlánú ar líne ar an CBRF Náisiúnta (Córas Bainistíochta um Rialú Foirgníochta).

Maidir leis na hoibreacha eile go léir nach bhfuil san áireamh thuas, ní gá ach an Fógra Tosaithe Comhlánaithe a shíniú agus a chur isteach nó a chomhdú go leictreonach ar an CBRF Náisiúnta.

 

Fógra Tosaithe a Chur Isteach

Maidir le hoibreacha a dteastaíonn doiciméid bhreise uathu, ní mór d’úinéir na n-oibreacha cóip chomhlánaithe den bhfógra tosaithe a shíniú agus ní mór (féach alt 9 A.I. Uimh. 9 de 2014) an méid seo a leanas a bheith in éineacht leis;

  1. Líníochtaí Leagan Amach Ginearálta
  2. Sceideal de dhoiciméid dearaidh mar atá ullmhaithe faoi láthair nó atá le hullmhú
  3. Measúnacht ar líne tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta ar an gcur chuige atá beartaithe maidir le comhlíonadh cheanglais na Rialachán Foirgníochta 1997 go 2014;
  4. An réamhphlean iniúchta
  5. Deimhniú Comhlíonta (Dearadh)
  6. Fógraí Sannta i leith an Tógálaí a dhéanfaidh na hoibreacha agus an  Deimhnitheora Sannta a iniúchóidh agus a dheimhneoidh na hoibreacha, agus
  7. Deimhnithe Comhlíonta arna síniú ag an Tógálaí agus ag an Deimhnitheoir Sannta ag glacadh leis an bhfreagracht a róil a chomhlíonadh de réir cheanglais na Rialachán um Rialú Foirgníochta.
  8. Caithfidh an táille cheart a bheith in éineacht leis. Mar aon leis an bhfógra, na doiciméid a théann leis agus an táille chuí ní mór duit fianaise ar na nithe seo a leanas a chur isteach, más bainteach:

Maidir le Fógraí Tosaithe in éineacht le Dearbhú Diúltaithe ar Dheimhniú Reachtúil (Fógra Tosaithe Diúltaithe) le haghaidh áitribh aonair nua ar fhorbairt aonaid singil, tabhair le fios, le do thoil, nach mór na nithe seo a leanas a chur isteach le d’fhógra:

  • Líníochta Dearaidh/Tógála a léiríonn an chaoi a gcomhlíonann an foirgneamh codanna A go M de na Rialacháin Foirgníochta
  • Ní mór do na líníochtaí sonraí Barrthábhachtacha a léiriú – acomhal na mbunsraitheanna, Urlár/ballaí, ceann fuinneoige, ceann dorais agus ballaí/díon an Acomhail
  • Ní mór doirse dóiteáin agus dorchla cosanta a léiriú ar líníochtaí do thithe 3 stór (áiléir athchóirithe san áireamh)
  • Réamhthuarascáil Chuid L don bhfoirgneamh
  • Straitéis aerála – nádúrtha nó meicniúil le ríomhaireachtaí don bhfoirgneamh
  • Sa chás go bhfuil sé i gceist Modh Tógála Nua-aimseartha a úsáid, ní mór Deimhnithe Comhaontaithe bailí a chur isteach

Ba chóir na hUimhreacha Tagartha seo a leanas a chur san áireamh.

Deonú Deiridh Cead Pleanála

Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán (más gá)  Iarratas ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán

Teastas Rochtana do Dhaoine Faoi Mhíchumas (más gá)  Foirm Teastas Rochtana Do Dhaoine Faoi Mhíchumas

Maidir leis an méid thuas, tabhair le fios, le thoil:

  1. Ní mór don Dearthóir agus don Deimhnitheoir Sannta a bheith ina Innealtóir Cairte, nó ina Ailtire Cláraithe nó ina Suirbhéir Cláraithe
  2. Caithfidh Tógálaí inniúil an obair a dhéanamh
  3. Ní mór sonraí a léiriú i do líníochtaí faoin gcaoi a gcloífidh d’fhoirgneamh leis na Rialacháin Foirgníochta - ní hiondúil go mbíonn líníochtaí a chuirtear isteach chun críocha cead pleanála ina líníochtaí comhlíonta rialaithe foirgníochta.
  4. Ní mór an fógra tosaithe agus na doiciméid a ghabhann leis a chomhdú go leictreonach tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta.  I gcás ina gcuirtear fógraí agus doiciméid isteach i bhformáid scríofa, socróidh an t-údarás rialaithe tógála chun iad a scanadh agus a uaslódáil a mbeidh táille riaracháin i gceist ina leith agus d’fhéadfadh moill suas le seacht lá a bheith i gceist le spriocdhátaí reachtúla a bhaineann le fógraí den sórt sin.

(Nóta: Tá ceaduithe reachtúla a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán agus rochtain do dhaoine faoi mhíchumas fós i bhfeidhm nuair is cuí agus ní chuireann na hathruithe thuas isteach orthu).

Seiceáil na Rialacháin um Rialú Foirgníochta (Leasú), 2014 (A.I. Uimh. 9) agus an Cód Cleachtais chun Obair Fhoirgníochta a Iniúchadh agus a Dheimhnú, le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Táille ar Fhógra Tosaithe

€30 i leith gach foirgnimh má chuirtear iarratas iomlán isteach ar líne

Is é €3,800 an uastáille ar Fhógra Tosaithe (níl táillí riaracháin san áireamh san uastáille).

N.B.  Táillí Riaracháin Breise do Dhoiciméid a chuirtear isteach i bhformáid pháipéir  

Táillí Riaracháin um Rialú Foirgníochta 2014.

 

Fógra Reachtúil Seacht Lá a Chur Isteach

Ní mór Fógra 7 Lá a bheith faighte anseo 7 lá ar a laghad roimh thús na hoibre agus ní mór Dearbhú Reachtúil 7 Lá sínithe agus fianaithe a bheith ag gabháil leis. Mar aon leis an bhfógra, an dearbhú agus an táille ábhartha ní mór duit na nithe seo a leanas a chur isteach:-

Iarratas ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán   

Breathnú ar Fhógra Tosaithe agus Fógraí 7 Lá

Is féidir breathnú ar an gClár ag an nasc seo a leanas. Déan teagmháil linn ag 01 8905000 nó cur r-phost chuig [email protected]  le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Táille ar Fhógra Seacht Lá

€250 nó €5.80 in aghaidh an mhéadair chearnaigh d’achar urláir atá á sholáthar, cíbe acu is mó, le haghaidh oibreacha a bhaineann le:

Foirgneamh a thógáil nó a shíneadh  

(i)athrú ábhartha ar an taobh istigh d’fhoirgneamh
(ii)athrú ábhartha ar dhromchlaí seachtracha foirgnimh (táille sheasta €250)
(iii)meascán de (i) agus (ii) thuas
foirgneamh ina dtarlaíonn athrú abhartha ar úsáid

Mar sin féin, i gcás oibreacha nó foirgneamh ina bhfuil úsáid talmhaíochta i gceist is í an táille ná €130.00 nó €1.60 in aghaidh gach méadar cearnach de bhreis ar 300 méadar cearnach de:

(i) an t-ollachar urláir atá á sholáthar nó
(ii) an t-achar urláir iomchuí
de réir mar a bheidh, cíbe acu is mó. 

 

Breathnú ar Fhógraí Tosaithe agus Fógraí 7 Lá

Is féidir breathnú ar an gClár ag an nasc seo a leanas. Déan teagmháil linn ag 01 8905000 nó cuir r-phost chuig  [email protected]  le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Déan Teagmháil Linn

Tabhair cuairt orainn ag an gCuntar Pleanála: Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.

UAIREANTA OSCAILTE: Luan go hAoine: 9.30 go 4.30in.