Seirbhísí Corporáideach

An Acht um Nochtadh Cosanta

Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta i bhfeidhm an 15 Iúil 2014.

Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta i bhfeidhm an 15 Iúil 2014. Is é cuspóir an Achta creat a chur ar fáil inar féidir le hoibrithe cúiseanna imní a chur in iúl maidir le drochiompar ionchasach atá tagtha ar a n-aire san ionad oibre agus é ar eolas go bhfuil cosaintí ar fáil dóibh ó phionósú ar bith as sin a dhéanamh.

Tá Beartas agus Nós Imeachta Eatramhach curtha i bhfeidhm ag Comhairle Contae Fhine Gall trína mbeartaítear cultúr agus timpeallacht oibre a chothú ina spreagtar agus ina dtugtar tacaíocht d'oibrithe le linn dóibh tuairiscí a dhéanamh agus fios acu go dtabharfar aird ar a gcúiseanna imní, go ndéanfar iad a imscrúdú, nuair is cuí, agus go n-urramófar a rúndacht.

Baineann an beartas seo le gach oibrí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall lena n-áirítear conraitheoirí, comhairleoirí, foireann ghníomhaireachta, iarfhostaithe agus intéirnigh/oiliúnaithe.

Leagtar béim sa mbeartas go bhfuil sé cuí i gcónaí cúiseanna imní a ardú nuair a bhíonn siad bunaithe ar thuairim réasúnach is cuma cibé an sainaithnítear aon drochiompar ina dhiaidh sin nó nach sainaithnítear agus a thugann sé treoir d’oibrithe maidir le cúiseanna imní a ardú.

De réir an Achta um Nochtadh Cosanta 2014, cheap an Chomhairle An tUasal Brian Buckley, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Gnóthaí Corparáideacha agus Rialachais chun nochtuithe cosanta a fháil. Leagtar amach sonraí teagmhála don oifigeach ainmnithe thíos -

Trí ríomhphost:  brian.buckl%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]
Sa phost: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Gnóthaí Corparáideacha agus Rialachais, Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. Teileafón: 01- 8905798

Is féidir nochtuithe a dhéanamh freisin le Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta. Is é an Cathaoirleach an t-aon bhall ainmnithe den Choiste Iniúchóireachta ar féidir le fostaithe nochtadh a dhéanamh leis. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCathaoirleach trí

Ríomhphost:  [email protected]

Sa phost:  Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta, f/ch Iniúchadh Inmheánach, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Príomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath (Marcáil Príobháideach & Rúnda le do thoil).

Chun tuilleadh eolais a fháil:

Ceanglaíonn Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 go bhfoilseofar Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann le Nochtuithe Cosanta a faightear.

De bhun an cheanglais seo, deimhníonn Comhairle Contae Fhine Gall leis seo nach bhfuarthas aon Nochtadh Cosanta in 2017.