Caisleáin Shoird: Tochailt tríd an Stair, 2015-2017

Swords Castle Dig

Tugadh faoi trí shéasúr de thochailt chun iarracht a dhéanamh an tsraith de ‘bhearnaí feasa’ atá aitheanta i Swords Castle Conservation Plan 2014 (nasc) a líonadh. Cé gurb é an pálás ardeaspaig is fearr atá fós ann i mBaile Átha Cliath agus gur lárionad riaracháin tábhachtach a bhí ann, níl ach taifid stairiúla theoranta maidir leis. De bharr na tochailtí, táthar tar éis a dheimhniú go raibh adhlactaí ann sa 10ú agus sa t-11ú haois - sular tógadh Caisleán Shoird; ballaí nach raibh eolas againn fúthu roimhe seo, agus táthar tar éis áitheanna a nochtadh; táthar tar éis poill stórála agus limistéir ina mbaintí na putóga as éisc a aimsiú agus chomh maith leis sin uile táthar tar éis ceann de na cluichreáin timpeallachta is mó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath na Meánaoise a bhailiú. Chun féachaint siar ar cad a tharla le linn na tochailte, féach ar https://www.facebook.com/SwordsCastleDiggingHistory/.  Tá anailís iar-thocailte á déanamh ann faoi láthair agus foilseofar na torthaí de sin in 2019. Tá na réamhthuarascála ar fáil anseo:

Swords Castle Digging History Season 1

Swords Castle Digging History Season 2

Swords Castle Digging History Season 3

 

Caisleáin Shoird, caisleán a bhfuil duaiseanna bronnta air: Leis an tionscadal ‘Tochailt tríd an Stair’ cuimsítear gnéithe eile dála Archaeofest Shoird in 2015; Caisleán Shoird: An Caisleán i mo dhúiche féin, taispeántas grianghrafadóireachta a chuir an t-ealaíontóir Andrew Carson le chéile é agus dhá phíosa de scannánaíocht, a rinne Andrew Carson iad chomh maith; Memories [nó Cuimhní] (nasc https://www.youtube.com/watch?v=Rnyz5ioOWmU) inar cuireadh agallamh faoi na cuimhnithe atá acu de Chaisleán Shoird  agus píosa gaolta leis sin, Participation [nó Rannpháirtíocht] (nasc https://www.youtube.com/watch?v=1id9diAgPlM) a bhain úsáid as scannánaíocht a bhí déanta den tochailt, agus agallaimh a bhí déanta le daoine a ghlac páirt leis an tionscadal agus daoine a bhí taobh thiar de, leis. In 2017 choimisiúnaigh Oifig Ealaíon Fhine Gall ealaíontóirí chun ciall a bhaint as torthaí d’anailís a rinneadh ar na síolta agus ar na plandaí a aimsíodh sa tochailt mar chuid den tionscadal ‘All Bread is Made of Wood’ [nó ‘Déanta as Adhmad atá an tArán Uile’].

Swords Castle Digging History Archaeology Ireland Article